Custom Search

Site Index | Kids | Kitchen | Shopping | Poetry | Weddings | Travel | Basic Irish | Quotes | Books | Music | Movies | Trivia | Blessings | Links| Jokes |

 


History Page
Traditions, folklore, history and more. If it's Irish, it's here. Or will be!

"People will not look forward to posterity who never look backward to their ancestors."
-Edmund Burke

Home Page



Kids Page

Kitchen Recipe Page


Quotes

Library: Books, Movies, Music

Prints & Photos

Poetry

Jokes


Irish Wedding



Shops Ireland


Bunús na Gaeilge
(Basic Irish)


Circle of Prayer

Blessings



Did You Know?


Himself/Herself

Write to Us

Readers Write..

Links/Link to Us

Advertise with us

Awards & Testimonials

Submissions Guide


Help keep us free
Throughout the site you will see many items available for purchase from well-known merchants such as Amazon. Not interested in what we're featuring? It doesn't matter. Click on any link and then shop for whatever you wish - we will still get credit, if you buy something.
Thanks for your help.



   


Eibhlín Dubh Ní Chonaill
(b. ??, 1743 - d. ??, 1800)

born in Derrynane, Co. Kerry, one of 22 children of Dómhnaill Mór Ó Conaill; aunt of Daniel O’Connell. She was married at 15 to an O’Connor of Iveragh, an old man who died six months after. She married again, against her family’s wishes in 1767, to Art Ó Laoghaire (1747-73), of Rathleigh near Macroom.
O'Leary was a Captain in the Hungarian Hussars; they had three children.
Art Ó Laoghaire was proclaimed ‘notoriously infamous’ by the High Sheriff of Cork, Abraham Morris - the charges were successfully rebutted in court. O'Leary's mare beat Morris’s at the Macroom races in 1773. O'Leary refused to sell the horse to the Sheriff’s offer of £5 (aha, now we know why the sheriff went after him).
O'Leary was shot at Carriganimmy by Abraham’s henchman after an attempted ambush on Morris at Millstreet, his blood-drenched mare returning to Rathleigh. According to the poem, Eibhlín Dubh rode back to Carriganimmy to declaim the first parts of the Caoineadh over her husband, and drink his blood. Ó Laoghaire was re-buried in Kilcrea Abbey in an inscribed tomb; the Caoineadh was written down from oral tradition.
I, personally, find this poem too grim and dreary for my taste but that is, after all, the subject.
For those who can read it in the Irish, it may well be more appreciated.
I cannot find a picture of course. No one, apparently, thought to have Eibhlín sit for her portrait.


Caoineadh Airt UÍ Laoghaire
by Eibhlín Dhubh Ní Chonaill


B'fhéidir gur aithris Eibhlín na dréachtaí seo os cionn an choirp i gCarraig an Ime.

Mo ghrá go daingean tu!
Lá dá bhfaca thu
ag ceann tí an mhargaidh,
thug mo shúil aire dhuit,
thug mo chroí taitnearnh duit,
d'éalaíos óm charaid leat
i bhfad ó bhaile leat.

Is domhsa nárbh aithreach:
Chuiris parlús á ghealadh dhom,
rúrnanna á mbreacadh dhom,
bácús á dheargadh dhom,
brící á gceapadh dhom,
rósta ar bhearaibh dom,
mairt á leagadh dhom;
codladh i gclúmh lachan dom
go dtíodh an t-eadartha
nó thairis dá dtaitneadh liorn.

Mo chara go daingean tu!
is cuimhin lem aigne
an lá breá earraigh úd,
gur bhreá thiodh hata dhuit
faoi bhanda óir tarraingthe;
claíomh cinn airgid,
lámh dheas chalma,
rompsáil bhagarthach –
fír-chritheagla
ar námhaid chealgach –
tú i gcóir chun falaracht
is each caol ceannann fút.
D'umhlaídís Sasanaigh
síos go talamh duit,
is ní ar mhaithe leat
ach le haon-chorp eagla,
cé gur leo a cailleadh tu,
a mhuirnín mh'anama....

Mo chara thu go daingean!
is nuair thiocfaidh chúgham abhaile
Conchúr beag an cheana
is Fear Ó Laoghaire, an leanbh,
fiafróid díom go tapaidh
cár fhágas féin a n-athair.
'Neosad dóibh faoi mhairg
gur fhágas i gCill na Martar.
Glaofaid siad ar a n-athair,
is ní bheidh sé acu le freagairt....

Mo chara thu go daingean!
is níor chreideas riamh dod mharbh
gur tháinig chúgham do chapall
is a srianta léi go talamh,
is fuil do chroí ar a leacain
siar go t'iallait ghreanta
mar a mbítheá id shuí 's id sheasarnh.
Thugas léim go tairsigh,
an dara léim go geata,
an triú léim ar do chapall.

Do bhuaileas go luath mo bhasa
is do bhaineas as na reathaibh
chomh maith is bhí séagam,
go bhfuaras romham tu marbh
Cois toirín ísil aitinn,
gan Pápa gan easpag,
gan cléireach gan sagart
do léifeadh ort an tsailm,
ach seanbhean chríonna chaite
do leath ort binn dá fallaing –
do chuid fola leat 'na sraithibh;
is níor fhanas le hí ghlanadh
ach í ól suas lem basaibh.

Mo ghrá thu go daingean!
is érigh suas id sheasamh
is tar liom féin abhaile,
go gcuirfeam mairt á leagadh,
go nglaofam ar chóisir fhairsing,
go mbeidh againn ceol á spreagadh,
go gcóireod duitse leaba
faoi bhairlíní geala,
faoi chuilteanna breátha breaca,
a bhainfidh asat alias
in ionad an fhuachta a ghlacais.

II

Nuair a shroich deirfiúr Airt (ó Chorcaigh) teach an tórraimh in aice Mhaigh Chromtha, fuair sí, de réir an tseanchais, Eibhlín roimpi sa leaba. Seo roinnt den bhriatharchath a bhí eatarthu.

Deirfiúr Airt:

Mo chara is mo stór tú
is mó bean chumtha chórach
ó Chorcaigh na. seolta
go Droichead na Tóime,

do tabharfadh macha mór bó dhuit
agus dorn buí-óir duit,
ná raghadh a chodladh 'na seomra
oíche do thórraimh.

Eibhlín Dhubh:

Mo chara is m' uan tú!
is ná creid sin uathu,
ná an cogar a fuarais,
ná an scéal fir fuatha,
gur a chodladh a chuas-sa.
Níor throm suan dom:
ach bhí do linbh ró-bhuartha,
's do theastaigh sé uathu
iad a chur chun suaimhnis.

A dhaoine na n-ae istigh,
'bhfuil aon bhean in Éirinn,
ó luí na gréine,
a shínfeadh a taobh leis,
do bhéarfadh trí lao dho,
ná raghadh le craobhacha
i ndiaidh Airt Uí Laoghaire
atá anso traochta
ó mhaidin inné agam?...

M'fhada-chreach léan-ghoirt
ná rabhas-sa taobh leat
nuair lámhadh an piléar leat,
go ngeobhainn é im thaobh dheas
nó i mbinn mo léine,
is go léigfinn cead slé' leat
a mharcaigh na ré-ghlac

Deirfiúr Airt:

Mo chreach ghéarchúiseach
ná rabhas ar do chúlaibh
nuair lámhadh an púdar,
go ngeobhainn é im chom dheas
nó i mbinn mo ghúna,
is go léigfinn cead siúil leat
a mharcaigh na súl nglas,
ós tú b'fhearr léigean chucu.

III

Cuireann Eibhlín a mórtas as a fear céile in iúl go lánphoiblí sna dréachtaí seo. B'fhéidir gur aithris si an méid seo tar éis don chorp a bheith rétithe le haghaidh an adhlactha.

Eibhlín Dhubh:


Mo chara thu is mo, shearc-mhaoin!
Is gránna an cháir a chur ar ghaiscíoch
comhra agus caipín,
ar mharcach an dea-chroí
a bhiodh ag ascaireacht ar ghlaisíbh
agus ag ól ar hallaíbh
i bhfarradh mná na ngeal-chíoch.
Mo mhíle mearaí
mar a chailleas do thaithí.

Greadadh chúghat is díth
á Mhorris ghránna an fhill!
á bhain díom fear mo thí,
athair mo, leanbh gan aois:
dís acu ag siúl an tí,
's an tríú duine acu istigh im chlí,
agus is dócha ná cuirfead diom.

Mo chara thu is mo thaitneamh!
Nuair ghabhais amach an geata
d'fhillis ar ais go tapaidh,
do phógais do dhís leanbh,
do phógais mise ar bharra baise.
Dúraís, 'A Eibhlín, éirigh id sheasamh
agus cuir do ghnó chun taisce
go luaimneach is go tapaidh.
Táimse ag fágáil an bhaile,
is ní móide go deo go gcasfainn.'
Níor dheineas dá chaint ach magadh,
mar bhíodh á rá liom go minic cheana.

Mo chara thu is mo chuid!
A mharcaigh an chlaímh ghil,
éirigh suas anois,
cuir ort do chulaith
éadaigh uasail ghlain,
cuir ort do bhéabhar dubh,
tarraing do lámhainní umat.
Siúd í in airde t'fbuip;
sin i do láir amuigh.
Buail-se an bóthar caol úd soir
mar a maolóidh romhat na toir,
mar a gcaolóidh romhat an sruth,
mar a n-umhlóidh romhat mná is fir,
má tá a mbéasa féin acu –
's is baolach liomsa ná fuil anois....

Mo ghrá thu is mo chumann!
's ní hé a bhfuair bás dem chine,
ni bás mo thriúr clainne;
ná Dónall Mór Ó Conaill,
ná Conall a bháigh an tuile,
ná bean na sé mblian 's fiche
do chuaigh anonn thar uisce
'déanamh cairdeasaí le rithe –
ní hiad go lér atá agam dá ngairm,
ach Art a bhaint aréir dá bhonnaibh
ar inse Charraig an Ime!
marcach na lárach doinne
atá agam féin anso go singil –
gan éinne beo 'na ghoire
ach mná beaga dubha an mhuilinn,
is mar bharr ar mo mhíle tubaist
gan a súiile féin ag sileadh.

Mo chara is mo lao thu!
A Airt Uí Laoghaire
Mhic Conchúir, Mhic Céadaigh,
Mhic Laoisigh Uí Laoghaire,
aniar ón nGaortha
is anoir ón gCaolchnoc,
mar a bhfásaid caora
is cnó bui ar ghéagaibh
is úlla 'na slaodaibh
na n-am féinig.
Cárbh ionadh le héinne
dá lasadh Uíbh Laoghaire
agus Béal Atha an Ghaorthaigh
is an Uigdn naofa
i ndiaidh mharcaigh na ré-ghlac
a níodh an fiach a thraochadh
ón nGreanaigh ar saothar
nuair stadaidís caol-choin!
Is a mharcaigh na gclaon-rosc –
nó cad d'imigh aréir ort?
Óir do shíleas féinig
ni maródh an saol tu
nuair cheannaíos duit éide.

IV

Déanann deirfiúr Airt a caoineadh féin anseo. Nuair a luann sí, na mná óga a bhí mór le Art, spriúchann Eibhlín.

Deirfiúr Airt:

Mo ghrá is mo rún tu!
's mo ghra mo cholúr geal!
Cé ná tánag-sa chúghat-sa
is nár thugas mo thrúip liom,
nior chúis náire siúd liom
mar bhíodar i gcúngrach
i seomraí dúnta
is i gcomhraí cúnga,
is i gcodladh gan mhúscailt.

Mura mbeadh an bholgach
is an bás dorcha
is an fiabhras spotaitheach,
bheadh an marc-shlua borb san
is a srianta á gcroitheadh acu
ag déanamh fothraim
ag teacht dod shochraid
a Airt an bhrollaigh ghil....

Mo chara is mo lao thu!
Is aisling tri néallaibh
do deineadh aréir dom
i gCorcaigh go déanach
ar leaba im aonar:
gur thit ár gcúirt aolda,
cur chríon an Gaortha,
nár fhan friotal id chaol-choin
ná binneas ag éanaibh,
nuair fuaradh tu traochta
ar lár an tslé' arnuigh,
gan sagart, gan cléireach,
ach seanbhean aosta
do leath binn dá bréid ort
nuair fuadh den chré thu,
a Airt Uí Laoghaire,
is do chuid fola 'na slaodaibh
i mbrollach do léine.

Mo ghrá is mo rún tu!
's is breá thiodh súd duit,
stoca chúig dhual duit,
buatais go glúin ort,
Caroilin cúinneach,
is fuip go lúifar
ar ghillín shúgach –
is mó ainnir mhodhúil mhúinte
bhíodh ag féachaint sa chúl ort.

Eibhlín Dhubh:

Mo ghrá go daingean tu!
's nuair théitheá sna cathracha
daora, daingeana,
biodh mná na gceannaithe
ag umhlú go talamh duit,
óir do thuigidís 'na n-aigne
gur bhreá an leath leaba tu,
nó an bhéalóg chapaill tu,
nó an t-athair leanbh tu.

Tá fhios ag losa Criost
ná beidh caidhp ar bhaitheas mo chinn,
ná léine chnis lem thaoibh,
ná bróg ar thrácht mo bhoinn,
ná trioscán ar fuaid mo thí,
ná srian leis an láir ndoinn,
ná caithfidh mé le dlí,
's go raghad anonn thar toinn
ag comhrá leis an rá,
's mura gcuirfidh ionam aon tsuim
go dtiocfad ar ais arís
go bodach na fola duibhe
a bhain diom féin mo mhaoin.

V

De bharr constaicí dlí, dealraionn sé nár cuireadh Art i reilig a shinsear. Cuireadh an corp o sealadach; agus cúpla mí ina dhiaidh sin, ní foldáir, aistríodh i go mainistir Chill Cré, Co. Chorcaí. B'fhéidir gur chuir Eibhlín na dréachtaí seo a leanas lena, caoineadh ar ócáid an dara adhlacadh.

Eibhlín Dhubh:


Mó ghrá thu agus mo rún!
Tá do stácaí ar a mbonn,
tá do bha buí á gcrú;
is ar mo chroí atá do chumha
ná leigheasfadh Cúige Mumhan
ná Gaibhne Oileáin na bhFionn.
Go dtiocfaidh Art Ó Laoghaire chúgham
ní scaipfidh ar mo chumha
atá i lár mo chroí á bhrú,
dúnta suas go dlúth
mar a bheadh glas a bheadh ar thrúnc
's go raghadh an eochair amú.

A mhná so amach ag gol
stadaidh ar bhur gcois
go nglaofaidh Art Mhac Conchúir deoch,
agus tuilleadh thar cheann na mbocht,
sula dtéann isteach don scoil –
ní ag foghlaim léinn ná port,
ach ag iompar cré agus cloch.

Click here for The Lament for Art O'Leary translated to English.

For more Poetry Click the Poetry Index.

 

Sun, Mar 4, 2018
Fill out your email address to receive our Free Newsletter!
Powered by YourMailinglistProvider.com

Pádraic Pearse, who played a prominent part in the 1916 rebellion, declared Ireland a Republic from the steps of the General Post Office in Dublin. He was executed, along with the other leaders, for his part in the Rising. But he was a gentle warrior at heart. These five stories show us that Pearse was a man of deep understanding with immense human awareness of the way of life of the average person. He analyses the sorrows and joys of the Irish people of his time, and writes of the tragedies of life and death from which they could never escape.
Review from Mercier Press
Click for Stories of P. Pearse.


Field Work
Seamus Heaney


After Bridget finished her recent article about After the Harvest (Putting out the Hare...) we were prompted to look for other references to Harvest Knots. We weren't too surprised to find a poem by Seamus Heaney from his book Field Work.


1000 Years of Irish Poetry: The Gaelic and Anglo Irish Poets from Pagan Times to the Present
by Kathleen Hoagland

Interested in Irish Poetry?Here's the easy way to collect them all (well, almost all, anyway).
Malachy McCourt says in his introduction, "With the republication of this book, the Irish recover under their roof of stars all the great poets and writers who have been falsely claimed by the saxon crown and its minions - even our reprobates."
Amazon states this is out of stock. They still have used copies for almost nothing (except shipping - chuckle). If you would like a new edition, it was available at Powell's. We can't promise it's still there. Click here for Powell's 1000 Years.
Click here for used at Amazon.


 

Site Index | Kids | Kitchen | Shopping | Poetry | Weddings | Travel | Basic Irish
Quotes |
Books | Music | Movies | Trivia | Blessings | Links | Jokes |

  All contents copyright © 2001 through 2011 inclusive - all rights reserved.
March 4, 2011
   
Rollover button Images:
Wedding LaRose, Kids Reading & Kitchen Apples and Tea from All Posters prints.
The information provided on this site is offered as-is, without warranty. This site's owners, operators, authors and partners disclaim any and all liability from the information provided herein.
Any trademarks or registered trademarks on this site are the property of their respective owners.